{{ published_date }}
Le linn a gairmréime, rinne Madonna magadh faoin g Cros Chéasta (Crucifix), rinne sí rince os comhair croise ar lasadh (on fire) agus rinne sí cur síos ar Íosa mar ‘sexy’.
Anois, agus an Nollaig ag teacht, tá bealach nua aimsithe ag an amhránaí chun fearg a spreagadh san Eaglais Chaitliceach le híomhánna.
Roinn sí pictiúir, a chruthaigh AI, di féin ag breathnú míchompordach leis an bPápa Proinsias ina luí uirthi.
Mar thoradh ar na pictiúir ar na meáin shóisialta tháinig an líon intuartha (predictable) tuairimí ar na meáin shóisialta.
Mar sin féin, ní raibh suim ag go leor acu san Eaglais Chaitliceach nó sa Phápa.
Rinne siad trácht, ina ionad sin, ar phictiúr Madonna í féin.
Tá sí 66 bliain d’aois agus sa phictiúr tá sí gléasta go mealltach (seductively) agus is cosúil gur úsáideadh AI freisin chun cuma níos óige a dhéanamh di.
Mar shampla, bhí duine amháin ag magadh faoi Madonna agus an fonn atá uirthi pháirtithe níos óige a fháil, ag magadh go bhfuair sí, ‘faoi dheireadh’, ‘buachaill arb é a haois féin.
Bhí Madonna i mbun aighneas 35 bliain, a thosaigh i 1989 nuair a cáineadh a físeán Like A Prayer mar dhiamhaslach (blasphemous) as a léiriú earótach (erotic) ar Íosa.
Ag an am, d’fhreagair an Pápa Eoin Pól II ag iarraidh ar lucht leanúna baghcat a dhéanamh ar an amhránaí agus ar a chamchuairt Blond Ambition.
Anois taispeánann na híomhánna AI nua an Pápa Proinsias le Madonna lena lámha timpeall uirthi.
Chuir Madonna na híomhánna ar Instagram, leis an bhfotheideal: ‘Feels Good to Be Seen…’
Dúirt ceann de na tráchtanna is modhúla ar an méid a rinne Madonna: ‘Tá sé seo dímheasúil agus aisteach.’
Scríobh go leor dá lucht leanúna tráchtanna ar X agus chuir siad ceist ar Madonna.
D’fhiafraigh úsáideoir meán sóisialta: ‘Cén fáth go ndéanfadh sí é sin?’
‘Tá AI imithe i bhfad rófhada,’ a dúirt duine eile.
‘Tá sé seo mí-eiticiúil agus níl sé go maith ar chor ar bith,’ ar aontaigh duine amháin leis.
Scríobh úsáideoir X eile: ‘Cad atá cearr léi ….’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig [email protected]
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
{{ published_date }}