Is comórtas grianghrafadóireachta é Is Breá le Vicí Béaloideas (Wiki Loves Folklore) a bheidh ar siúl ar feadh mí Feabhra 2025. Beidh sé mar aidhm aige ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht na dtraidisiún dúchasach ar fud an domhain trí ghrianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a roinnt. Is anseo a gheobhaidh tú na sonraí uile, agus eolas san áireamh ar conas cur isteach ar an gcomórtas.
Comórtas scríbhneoireachta idirnáisiúnta de chuid Vicipéide atá i gceist le Feminism and Folklore (An Feimineachas agus an Béaloideas) ar cuireadh tús leis in 2019 mar chuid de Wiki Loves Folklore. Beidh sé ar siúl ar feadh mí Feabhra agus Márta 2025, agus is í an chuspóir a bheidh aige ná cultúir traidisiúnta agus mná sa bhéaloideas ó réigiúin éagsúla ar fud an domhain a thaifeadadh i Vicipéid.
Sa bhliain 2025, beidh comórtas náisiúnta áitiúil ar siúl in Éirinn in éineacht le Wiki Loves Folklore agus Feminism and Folklore!
Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid a óstálaítear ag an bhfondúireacht neamhbhrabúis Wikimedia. Tá go leor tionscadail ilteangachasaor-ábhair eile ag Wikimedia: