Jump to content

Kim Il-sung

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGreat Leader (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Kim Il-sung

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ko-kp) 김일성 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ko) 김성주 Cuir in eagar ar Wikidata
15 Aibreán 1912
Ceantar Mangyongdae (Korea under Japanese rule)
Bás8 Iúil 1994
82 bliana d'aois
Pyongyang, An Chóiré Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaKumsusan Palace of the Sun (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
1 Uachtarán na Cóiré Thuaidh
28 Nollaig 1972 – 8 Iúil 1994 – Deireadh an phoist →
Supreme Commander of the Korean People’s Army (en) Aistrigh
4 Iúil 1950 – 24 Nollaig 1991
← Choe Yong-gon (en) AistrighKim Jong-il →
General Secretary of the Workers' Party of Korea (en) Aistrigh
30 Meitheamh 1949 – 8 Iúil 1994 – Kim Jong-il →
1 Supreme Leader of North Korea (en) Aistrigh
9 Meán Fómhair 1948 – 8 Iúil 1994
← luach ar iarraidh – Kim Jong-il →
1 Príomh-Aire na Cóiré Thuaidh
9 Meán Fómhair 1948 – 28 Nollaig 1972 – Kim Il (en) Aistrigh →
Member of the Supreme People's Assembly (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachCóiréigh
Idé-eolaíocht pholaitíochtaJuche (en) Aistrigh
ReiligiúnDíreiligiún
Scoil a d'fhreastail sé/síJilin Yuwen High School (en) Aistrigh
Mangyongdae Revolutionary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKumsusan Palace of the Sun (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Oibrithe na Cóiré (1945–)
Páirtí Cumannach na Síne (1932–) Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtKorean independence movement (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidShang Yue
Faoi thionchar
TeangachaAn Chóiréis, an tSínis agus an Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn Chóiré Thuaidh
Brainse míleataArm Phobal na Cóiré, an tArm Dearg agus Northeast Anti-Japanese United Army (en) Aistrigh
Céim mhíleatacaptaen (1942–)
taewŏnsu (en) Aistrigh (1992–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Sín-Seapánach, Soviet–Japanese War (en) Aistrigh, Cogadh na Cóiré agus an Cogadh Fuar
UirlisOrgán
Teaghlach
TeaghlachKim family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileKim Song-ae
Kim Jong-suk (1941–1949), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKim Jong-il
 ( Kim Jong-suk)
Kim Pyong-il
 ( Kim Song-ae)
Kim Yong-il
 ( Kim Song-ae)
Kim Kyong-hui
 ( Kim Jong-suk)
Kim Man-il
 ( Kim Jong-suk)
Kim Kyong-chin
 ( Kim Song-ae) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairKim Hyŏng-jik  agus Kang Pan-sŏk
SiblínKim Yong-ju agus Kim Chol-ju
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0453487 Musicbrainz: 7124a2d1-3b20-470c-b621-17a571aefca6 Discogs: 4126547 Find a Grave: 8241723 Cuir in eagar ar Wikidata

Ardcheannaire Dhaonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó An Chóiré Thuaidh, ab ea Kim Il-sung a rugadh faoin ainm Kim Sŏng-ju (15 Aibreán 19128 Iúil 1994). Ceannaire ar an tír úd a bhí ann ar feadh 46 bliana, ó bhunú an stáit go dtí lá a bháis. D'éirigh leis stát neamhspleách a bhunú sa Chóiré, rud nach raibh ann leis na céadta bliain roimhe sin.[1]

Kim Il-sung i Jilin, 1927
Kim Il-sung, 1946
1953-07-27: Kim Il-sung ag síniú an an tsosa cogaidh
sna 1950idí b'fhéidir
Nicolae Ceauşescu agus Kim Il Sung, 1978

Nuair a bhí Kim Il-sung ocht mbliana d'aois, theith a mhuintir an Chóiré sa bhliain 1920 agus tháinig siad go dtí an Mhanchúir,

Bhunaigh Kim cumann beag réabhlóideach i 1926, "An Cumann in aghaidh Impiriúlachais". Cheap sé idé-eolaíocht nua a tugadh Juche air, meascán de thírghrá agus féin-tuilleamaí.

D'éirigh Kim ina bhall den Pháirtí Cumannach Sínise i 1931. Throid sé in aghaidh na Seapánaigh ó 1937 go dtí 1940, é ina cheannasaí airm.

Theith Kim agus a chuid saighdiúirí lena n-anam i 1940. Shroich siad Vyatskoye in aice le Khabarovsk san APSS. Bhí Kim ina chaptaen, agus maorghinearál níos déanaí, le reisimint de chuid an Airm Dheirg.

Shroich an tArm Dearg Pyongyang ar 24 Lúnasa 1945. D'fhill Kim go dtí an Chóiré ar an 19 Meán Fómhair 1945. Bhí sé ar deoraíocht ar feadh 26 bliain. Ceapadh Kim ina cheannaire, i stát a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na Rúisigh.

Bhí nasc láidir mar sin idir Kim agus an Aontas Sóivéadach faoi Joseph Stalin. De réir a chéile áfach sháraigh Juche an Marxachas-Leiníneachas agus an cumannachas.

D'ordaigh Kim ionradh na Cóiré Theas sa bhliain 1950, rud a tharraing fórsaí na Náisiúin Aontaithe (na Stáit Aontaithe go háirithe) isteach chun an Chóiré Theas a chosaint. Cogadh fíochmhar a tharla sa leithinis idir 1950-1953.

Príomhalt: Cogadh na Cóiré


Scríobh Nikita Krushchev, iarcheannaire APSS, an méid seo faoi Chogadh na Cóiré sa bhliain 1971:

"Ba é Kim Il Sung féin a cheap an cogadh sa Chóiré. Bhí sé ag iarraidh an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas a aontú faoina smacht féin. Chuir Stalin ina luí air gur chóir dó dianmhachnamh a dhéanamh sula ndéanfadh sé ionsaí ar an Chóiré Theas. D’inis Kim Il Sung do Stalin go raibh sé iomlán cinnte go n-éireodh leis. Is cuimhin liom go raibh amhras ar Stalin. Bhí sé buartha go gcuirfeadh SAM a ladar isteach sa scéal. Ghéill sé do Kim, áfach, agus bhí sé sásta soláthairtí agus comhairleoirí míleata a chur go dtí an Chóiré Thuaidh"[2].

Mhair an chogaíocht go dtí an sos comhraic a cuireadh i bhfeidhm ar 27 Iúil 1953. Líon iomlán na marbh: 2.5[3] - 5 milliún[4] (bhí daonra 30 milliún, Theas agus Thuaidh, i 1950),

Bolscaireacht i bPyongyang

Bhí Kim Il Sung thar a bheith oilte san ealaín Taekwondo, fearacht a chomharba agus a mhac Kim Jong Il.

Chruthaigh Kim Il-sung cultas pearsantachta agus maireann an cultas sin go dtí an lá inniu, ní hamháin dó féin ach dona mhac, Kim Jong-il, agus a dá gharmhac, Kim Jong-un.

D'fhan an tír i maos i mbochtaineacht faoi Kim agus ba mhinic a bhí gorta ann, d'ainneoin chuidiú na Sóivéadach.

Nuair a tháinig deireadh leis an gcóras cumannach san Aontas Sóivéadach agus bhris an stát sin suas, tháinig deireadh leis an gcuidiú Sóivéadach. Dá bharr sin, d'éirigh staid na Cóiré Thuaidh níos measa sna blianta deireanacha de réimeas Kim.

Teaghlach mór le rá

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teaghlach mór le rá sa pholaitíocht é muintir Kim anois.

Tháinig Kim Jong-il i gcomharbacht ar a athair i 1994. Bhí Kim Jong-il ag an am ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Oibrithe na Cóiré, Cathaoirleach ar Choimisiún Cosanta Náisiúnta na Cóiré Thuaidh, agus Ardcheannasaí ar Arm an Phobail.

Ardcheannaire Dhaon-phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, nó an Chóiré Thuaidh, agus cathaoirleach Pháirtí Oibrithe na Cóiré is ea Kim Jong-un a rugadh sa bhliain 1984 (nó 1982 nó 1983, níl muid ró-chinnte faoi).

Rinne a mhac agus a garmhac dia beag de Kim Il-sung.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Eoin Ó Murchú (8 Meán Fómhair 2017). "An féidir cogadh a sheachaint ar leithinis na Cóiré?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-15.
  2. Foinse: Nikita Khrushchev: Khrushchev Remembers, An Autobiography[nasc briste go buan] 1971
  3. CNN facts
  4. History.com