Joensuu
Joensuu | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Regional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | An Chairéil Thuaidh | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 78,175 (2024) | ||||
• Dlús | 32.82 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Joensuu sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 2,381.79 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Kiihtelysvaara, Tuupovaara, Eno agus Pyhäselkä | ||||
Bunaitheoir(í) | Nioclás I na Rúise | ||||
Cruthú | 1848 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Joensuu City Council (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 80100–80199 agus 80200–80299 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | joensuu.fi |
Cathair i réigiún na Cairéile Thuaidh san Fhionlainn í Joensuu. "Béal na hAbhann" is brí leis an logainm. Is í Joensuu príomhchathair an réigiúin, agus í ar an gcathair is mó ansin chomh maith. Pielisjoki atá ar an abhainn a bhfuair an chathair a hainm óna béal, agus tá an loch úd Pyhäselkä suite in aice leis an gcathair. Is iad na ceantair thuaithe timpeall ar Joensuu ná Rääkkylä, Tohmajärvi, Ilomantsi, Kontiolahti, Lieksa, agus Liperi.
Bhí áitreabh daonna san áit sa chlochaois féin. Sa séú haois déag bunaíodh mainistir Ortadocsach in oileán Kuhasalo, ar cuid den chathair é inniu, ach le linn an chogaidh úd ar a dtugann na Fionlannaigh "An Fuath Fada" (nó "an Fhearg Fhada", pitkä viha) sna blianta 1575-1590 idir an tSualainn Liútarach agus an Rúis Ortadocsach cuireadh an mhainistir de dhroim an domhain.
Tá ainm Joensuu ar fáil ina lán seanmhapaí ó thréimhse na cumhachta Sualannaí san Fhionlainn, ach san am sin ní raibh i gceist ach sráidbhaile beag. Sa bhliain 1809 tháinig Impireacht na Rúise i seilbh na Fionlainne, agus sa bhliain 1848 bhunaigh Nioclás a hAon, Impire na Rúise, cathair in áit an tsráidbhaile sin. Ina dhiaidh sin tháinig fás agus fairsingiú ar an áit go sciobtha. Ba í an tionsclaíocht adhmaid a tharraing na sluaite go dtí an chathair ar dtús, ach tháinig slite beatha eile ina háit ina dhiaidh sin.
Tá craobh d'Ollscoil Oirthear na Fionlainne ag obair sa chathair, chomh maith leis an bpolaiteicnic úd Karelia-ammattikorkeakoulu.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi thíreolaíocht na Fionlainne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |