An Tréimhse Chaimbriach
Cuma
(Athsheolta ó Caimbriach)
An tréimhse is luaithe sa ré Phailéasóch, 590-500 milliún bliain ó shin. Bhí na farraigí an-fhorleathan, agus cuimsíonn carraigeacha ón tréimhse éagsúlacht iontach iontaisí d'inveirteabraigh mhuirí, ina measc tríliopaigh is bracapóid. Samplaí de gheolaíocht na tréimhse nochtaithe i dtuaisceart na Breataine Bige, Albain, an Iorua, an Spáinn, agus na sléibhte Apaláiseacha sna Stáit Aontaithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Caimbriach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 111.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |