An tIdirlíon
Cuma
Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.
Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha (seanaimseartha anois) agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon.
Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.
Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá:
- An Gréasán Domhanda
- Ríomhphost
- VOIP (glór thar IP)
- FTP (an Prótacal Aistrithe Comhad)
I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:
Úsáidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:
- Cumarsáid – Ríomhphost, seomraí comhrá, glór thar IP (VOIP), grúpaí nuachta, srl.
- Siamsaíocht – Físeáin de gach saghas (pornagrafaíocht ach go háirithe), irisí ar líne, ceol ar líne, cluichí ar líne, srl.
- Eolas – Tá eolas ar chuile ábhar ar líne. Tá sé furasta go leor teacht air le hinnill cuardaigh
- Ríomhthráchtáil – Siopadóireacht ar líne, seirbhísí bainc, ceantanna ar líne, srl.
- Oideachas – Tá an ríomhfhoghlaim ina réimse atá ag fás go mór
Roghanna ceangal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:
- Leathanbhanda thar an gcóras fóin nó thar xhábla: Líne Dhigiteach Rannpháirtí (DSL)
- Úsáidtear an córas teileafóin
- Luas ard – 1 Mbps +
- Ceangailte i gcónaí
- Is féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
- Móideim DSL ag teastáil
- Níl sé ar fáil go forleathan – caithfidh tú a bheith gar don mhalartán
- Praghas ag ísliú de bharr iomaíochta ó sholáthraithe eile leathanbhand
- Satailít/Gan Sreang
- Roinnt soláthraithe ag cur seirbhísí gan sreang ar fáil
- I gceantair áirithe, an t-aon rogha a bheadh níos sciobtha ná nasc dialaithe
- Glacadóir speisialta nó mias satailíte ag teastáil
- Nasc Dialaithe
- Úsáidtear an córas teileafóin
- Luas íseal – 56 Kbps ar a mhéid
- Bíonn moill ceangail i gceist
- Líne teileafóin gafa leis – ní féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
- Móideim ag teastáil
- An t-aon rogha atá ar fáil i gceantair áirithe
- Samplaí: do chomhlacht fóin
- Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite (ISDN)
- Líne ISDN (éagsúil ón líne fóin) ag teastáil
- ar fáil go forleathan in Éirinn
- Móideim ISDN ag teastáil
- Luas réasúnta –
- 64 Kbps (líne shingil)
- 128Kbps (líne dhúbailte)
- Níl bhíonn moill ceangail ann
- Sách daor má bhíonn an dá líne in úsáid
Stair ghairid
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1965 – Tosaíonn ARPA (Advanced Research Projects Agency - an Ghníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighdear) ar an ARPANET a fhorbairt
- 1969 – Déantar an céad 4 óstach a cheangal le ARPANET: Stanford Research Institute, UCLA, UC Santa Barbara agus University of Utah
- 1971 – 23 óstach ar ARPANET
- 1973 – Ceanglaítear roinnt óstaigh i dtíortha eile
- 1974 – Deartar TCP/IP le húsáid ar ARPANET
- 1981 – 213 óstach ar ARPANET. Breis líonraí neamhspleácha á cheangal. Cruthaíonn NSF (National Science Foundation) a líonra fairsing fhéin nach raibh ceangailte le ARPANET
- 1982 – An téarma "Internet" luaite don chéad uair
- 1983 – TCP/IP in úsáid go caighdeánach
- 1986 – ARPANET agus NFSNET ceangailte
- 1987 – Breis agus 10,000 óstach ar an Idirlíon
- 1989 – Breis agus 100,000 óstach ar an Idirlíon
- 1992 – An WWW scaoilte ag CERN
- 1993 – An chéad bhrabhsálaí – Mosaic
- 1994 – Bunaíodh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda. A lán óstaigh agus líonraí nua á gceangal leis an tIdirlíon. Is féidir pizza a ordú ó Pizza Hut tríd!!!
- 1996 – 10 milliún óstach
- 1996 – 1998 – Borradh mór i gcúrsaí tráchtála ar an nGréasán Domhanda
- 2000 – Pléascadh an .com
- 2007 – Tá éileamh ar cheol (m.sh. iTunes), podchraoladh (m.sh. cláir raidió), VOIP (m.sh. Skype), blagáil (m.sh. IrishBlogs.ie), cláir feasacháin (m.sh. boards.ie), srl.