An Tréimhse Threasach
Cuma
Is seantéarma geolaíochta, i léig anois, é an Tréimhse Threasach[1] ar an tréimhse is luaithe den dá thréimhse sa ré Chéineasóch, ó 65 milliún go 2.6 milliún bliain ó shin. Cuimsíonn an tréimhse Threasach dhá thréimhse de réir téarmaíocht an lae inniu: an Tréimhse Phailéigéineach agus an Tréimhse Neoigineach. Go luath sa tréimhse tharla tógáil ollmhór sléibhte (na hAlpa, na Himileithe, na hAindéis, na Creagaigh) agus rinneadh éagsúlacht mhór i measc na mamach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““tréimhse Threasach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Treasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 675.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |