{{ published_date }}
Tá póilíní an PSNI agus Metropolitan Police faoi bhrú tar éis dóibh spiaireacht a dhéanamh ar bheirt iriseoir ó Bhéal Feirste a léirigh go ndearna póilíní sa Tuaisceart cosaint ar mharfóirí dílseacha a mharaigh seisear fear Caitliceach.
Bhí Barry McCaffrey agus Trevor Birney sa clár faisnéise, No Stone Unturned, faoi mharú i Loch an Oileáin (Loughinisland).
Léirigh No Stone Unturned an chaoi ar chosain póilíní maraithe dílseacha a mharaigh seisear fear Caitliceach, a bhí ag breathnú ar chluiche peile Corn an Domhain i sráidbhaile i gContae an Dúin (Down) i 1994.
Léirigh an doiciméadacht – mar aon le tuairiscí eile le déanaí – nasc idir póilíní agus oifigigh fhaisnéise na Breataine i ngleic le hionsaithe dúnmharaithe.
Ba mhór an náire é d’fhórsaí slándála na Breataine agus rinneadh spiaireacht ar na hiriseoirí Barry McCaffrey agus Trevor Birney.
Gabhadh McCaffrey agus Birney agus tugadh ruathar ar a dtithe agus ar a n-oifigí.
Léiríodh i gcáipéisí na bpóilíní an chaoi ar cuireadh síos arís agus arís eile ar an iriseoir Barry McCaffrey mar ‘amhrastach’ a raibh baint aige le ‘amhrastaigh choiriúla eile’.
Bhuaigh siad cás cúirte ina dhiaidh sin a fuair amach go raibh na barántais (warrants) a úsáideadh chun a dtithe a chuardach ‘míchuí’.
Dúirt an breitheamh Ard-Chúirte gur ghníomhaigh na hiriseoirí i gceart chun a bhfoinsí (sources) a chosaint ar bhealach dleathach agus gur íoc an PSNI damáistí de £875,000 níos déanaí.
Thug na hiriseoirí a gcás os comhair an Bhinse um Chumhachtaí Imscrúdaithe (Investigatory Powers Tribunal, IPT) sa Bhreatain ag na Cúirteanna Breithiúnais Ríoga (Royal Courts of Justice) i Londain ag áitiú go ndearna na póilíní iarrachtaí arís agus arís eile gan údar lena bhfoinsí a aithint.
Agus an tseachtain seo rinne an IPT cinneadh suntasach. Dúirt sé go raibh gníomhartha na bpóilíní díréireach (disproportionate) agus gur bhain siad an bonn de na cosaintí atá ar fáil d’iriseoirí agus do na meáin.
Tá ordú tugtha don PSNI £4,000 a íoc le gach iriseoir, agus is é an chéad uair a rinne an IPT rialú maidir le damáistí in aghaidh fórsa póilíneachta as cur isteach neamhdhleathach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig [email protected]
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
{{ published_date }}