'); }); jQuery('#-pro-menu-11-1035198 .oxy-pro-menu-show-dropdown .menu-item:not(.menu-item-has-children) > a', 'body').each(function(){ jQuery(this).append('
'); });
'); }); jQuery('#-pro-menu-13-1035198 .oxy-pro-menu-show-dropdown .menu-item:not(.menu-item-has-children) > a', 'body').each(function(){ jQuery(this).append('
'); });

Tá amhrastach (suspect)  i gcás Kyran Durnin faighte marbh

17/12/2024

Ceistíodh Anthony Maguire an tseachtain seo caite ag gardaí atá ag fiosrú cás Kyran Durnin a chreidtear a bheith marbh anois

Tá amhrastach in imscrúdú dúnmharaithe Kyran Durnin faighte marbh i nDroichead Átha, de réir nuacht RTÉ.

Gabhadh Anthony Maguire, a bhí 36 bliain d’aois, an tseachtain seo caite agus coinníodh é ag stáisiún Gardaí in oirthear na tíre maidir l’imeacht as amharc an bhuachalla scoile a bheadh ocht mbliana d’aois.

Scaoileadh saor an fear tráthnóna Dé hAoine.

I ráiteas, dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána: ‘Níos luaithe inniu, Dé Máirt, an 17 Nollaig 2024, cuireadh na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an eolas nuair a fuarthas corp fireannaigh (male) ina 30idí i dteach cónaithe i nDroichead Átha, Contae Lú.

Kyran Durnin
Kyran Durnin

‘Tá fógra tugtha don Chróinéir áitiúil agus socrófar scrúdú iarbháis. Cinnfidh toradh an iarbháis cúrsa an imscrúdaithe.

‘Níl aon eolas breise ar fáil faoi láthair.’

Deirtear go bhfuil Gardaí ag caitheamh leis an eachtra mar ‘tragóid phearsanta’.

Tá sé ag druidim leis an tríú Nollaig ó d’imigh Kyran agus tá suas le ceathrar phríomhamhrastach ag gardaí sa chás.

Gabhadh beirt, fear agus bean, lena gceistiú an tseachtain seo caite, agus cuireadh tús le cuardach ar dhá theach i nDroichead Átha (Drocheda), Co. Lú.

Tá amhras ar na Gardaí go bhféadfadh go bhfuair Kyran bás i 2022, nuair a bhí sé sé bliana d’aois, agus gur cuireadh ceilt ilchasta (elaborate cover-up) ar siúl chun a imeacht agus a bhás a cheilt ó na húdaráis.

Ar an Máirt seo caite, gabhadh an príomhamhrastach tar éis di filleadh ar Éirinn ón mBreatain. Scaoileadh saor í níos déanaí.

Ansin ghabh Gardaí an fear Dé hAoine, faoi amhras go raibh baint aige le dúnmharú Kyran.

Bhí sé á cheistiú faoi líomhaintí go raibh baint aige le cabhrú le héalú an linbh a cheilt.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig [email protected]

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
`, }, }), instantsearch.widgets.hits({ container: "#m-hits", templates: { item: `
`, }, }), ]); search.start(); const trendingDiv = document.getElementById('trending-posts') const contentDiv = document.getElementById('io-div') console.log(contentDiv) const contentArr = contentDiv.querySelectorAll('p') function moveTrending() { trendingDiv.style.display = 'flex' if (contentArr.length >= 10) { contentDiv.insertBefore(trendingDiv, contentArr[8]) } else { contentDiv.insertBefore(trendingDiv, contentArr[4]) // console.log('hello') } } moveTrending() exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram