Cuscas
Ainm coitianta ar phasaim Astraláiseacha i gceithre ghéineas den fhine Phalangeridae is ea cuscas.[1]
Phalangeridae | |
---|---|
Phalanger mimicus | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Diprotodontia |
Forfhine | Phalangeroidea |
Fine | Phalangeridae Thomas, 1888 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha |
Ní clád tacsanomaíochta iad; úsáidtear an téarma ar speicis i gceithre cinn de na géinis in Phalangeridae a bhfuil speicis bheo iontu:
- Ailurops
- Phalanger
- Spilocuscus
- Strigocuscus
Ach tugtar “pasaim eireabaill scothánaigh” (Béarla: brushtail possums) ar speicis sa ghéineas Trichosurus.
Tagann an t-ainm “cuscas” ón bhfocal kusu nó kuso i roinnt teangacha áitiúla gaolmhara a labhraítear sna Molacaí. Is marsúipiaigh iad na cuscais, cé go bhfuil roinnt tréithe acu cosúil le léamair de chuid Madagascar (ar príomhaigh iad[2]) mar gheall ar éabhlóid inréimneach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““cuscas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-24.
- ↑ “Common spotted cuscus a marsupial furball” (en-AU). Australian Geographic (2014-08-21). Dáta rochtana: 2021-10-01.